Saturday, November 29, 2008

Fáilte go seannosbeo.ie

Fáilte go seannosbeo.ie, suíomh an togra amhránaíochta Dúthaigh Gheal Déise. Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha scrite éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin agus táthair ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.
Ba mhaith le coiste Dhúthaigh Gheal Déise buíochas a ghabháil leis na daoine agus leis na heagraíochtaí seo a leanas:
An Comhairle Ealaíon; Comhairle Contae Phort Láirge; Údarás na Gaeltachta; Meitheal Forbartha na Gaeltachta; Comhlacht Forbartha na nDéise; Coiste Forbartha an tSean Phobail; Comhairle Pobail na Rinne; Proinsias Ó Drisceoil, Tony Patterson, Michéal Ó Diarmada agus an comhluadar ar fad ag Sean Nós Beo; Niall Corby agus Doireann de Faoite; Eagarthóirí 'An Linn Bhuí'; Fionn Mac Giolla Chuda, Seamus Ó hAodha agus an comhlacht teilifíse Nemeton teo; Seán Ua Súilleabháin, Roinn na Nua-Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Gabhaimid buíochas speisialta, dar ndóigh, leis na hamhránaithe ar fad a thug go fial a bhfuil áirithe d'amhráin anseo. Is iad sin:
Seamus Ó Cionnfhaolaidh; Eibhlín Bean Uí Dhonnchadha; Déuglán de Paor; Eibhlís Bean de Paor; Seamus Ó Cobhthaigh; Áine Uí Fhoghlú; Muiris Ó Criostóir.
Cuimhnímid go háirithe orthu san a bhfuil amhráin dá gcuid sa chnuasach seo ach ná fuil in ár measc a thuilleadh: Dómhnall Ó Cionnfhaolaidh; Tadhg Cundún agus Nioclás Tóibín. Is binne iad na Flaithis dóibh agus ar dheis Dé go rabhadar.

Péarla an Chúil Chraobhaigh

http://www.youtube.com/watch?v=Qoi9zaXhMIA&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsong.php?id=91&info=0

Fuaireas-sa cuireadh

http://www.youtube.com/watch?v=ilICCsy79Hs&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsong.php?id=90&info=0

Péarla an Chúil Chraobhaigh

http://www.youtube.com/watch?v=Qoi9zaXhMIA&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsinger.php?id=15

Na Connerys

http://www.youtube.com/watch?v=hymXgOEq76o&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsong.php?id=87&info=0

Priosuin Chluain Meanla

tp://www.youtube.com/watch?v=NLXfdp3UILU&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsong.php?id=67&info=0

Idir Áird Mhór is Eochaill

http://www.youtube.com/watch?v=WJ30bAYTBRw&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsong.php?id=72&info=0

Deaglan de Paor - I am a young fellow

http://www.youtube.com/watch?v=2B2Rk-2p9aA&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsong.php?id=73&info=0

Na Tincéirí

http://www.youtube.com/watch?v=Xl_fIbZgScQ&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsong.php?id=74&info=0

Lá Fhéile Pádraig

http://www.youtube.com/watch?v=AvMPQ4SkRTs&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsong.php?id=75&info=0

An Ceannaí Bán

http://www.youtube.com/watch?v=2uyXh0Ar5W8&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsong.php?id=77&info=0

Ar Éirinn ní nósfainn cé hí

http://www.youtube.com/watch?v=7C4enjrH04Q&eurl=http://www.seannosbeo.ie/showsinger.php?id=13